Stephen Doherty

Ag Taifeadadh Ceol Traidisiúnta na hÉireann

Recording Traditional Irish Music

Stephen Doherty, hailing from Foxford, Co. Mayo, is a renowned multi-instrumentalist deeply rooted in Irish traditional music. From a young age, he excelled across instruments like whistle, bodhrán, accordion, and flute, accumulating numerous All-Ireland medals, including two Melodeon championships and a senior flute title. Stephen embarked on his international music journey at 17, performing at the Cleveland Music Festival, followed by a year with FOM Productions in France and America.

He later became the resident Traditional Irish Music Teacher at Mayo School of Music, instructing over 100 students weekly. His career blossomed through tours with Celtic Crossroads, Ragús, Slide, and Gráda, spanning 20 countries. Stephen released his debut duo album, ‘The Foxford Way,’ and composed for ‘TitanicDance,’ a globally touring Irish dance production.

He appeared in Ken Loach’s film ‘Jimmys Hall’ and composed for the CRN Irish Dance World Championships. Stephen continues as a front-of-house sound engineer and tours with The Sean Keane Band and his ensemble Blás. His recent recordings include collaborations with Sean Keane, Nathan Carter, and Derek Ryan, showcasing his diverse musical talents and extensive contributions to the traditional music scene.

Is as Béal Easa, Co. Mhaigh Eo, é Stephen Doherty, agus is il-cheoltóir clúiteach é atá fréamhaithe go domhain i gceol traidisiúnta na tíre. Is iomaí uirlis a bhfuair sé máistreacht uirthi ó bhí sé óg, agus d’éirigh thar barr leis ar an bhfeadóg stáin, ar an mbodhrán, ar an mbosca ceoil agus an bhfeadóg mhór.  Thug sé leis iliomad bonn craobh na hÉireann, ina measc, dhá chraobh melodeon agus teideal sinsir ar an bhfliúit.

Thosaigh Stephen ar a aistear ceoil go hidirnáisiúnta nuair a bhí sé a 17, ag seinm ag Féile Cheoil Cleveland; ina dhiaidh sin thug sé bliain le FOM Productions sa bhFrainc agus i Meiriceá. Thug sé tamall  ina Mhúinteoir Cónaitheach le Ceol Traidisiúnta i Scoil Cheoil Mhaigh Eo, agus é ag teagasc os cionn 100 mac léinn in aghaidh na seachtaine. Is trí chamchuairteanna le Celtic Crossroads, Ragús, Slide, agus Gráda, thar 20 tír ar fud an domhain a tháinig borradh mór ar a ghairm bheatha. D’eisigh Stephen a chéad albam duo, ‘The Foxford Way,’ agus chum sé ceol do ‘TitanicDance’, léiriúchán rince Éireannach a chuaigh ar chamchuairt ar fud an domhain.

Bhí sé i scannán le Ken Loach, ‘Jimmy’s Hall’, agus chum sé do Chraobhchomórtais Dhomhanda Rince na hÉireann CRN. Oibríonn Stephen mar innealtóir fuaime an tí agus téann sé ar chamchuairt le The Sean Keane Band agus a ensemble féin Blás. I measc na dtaifeadtaí is déanaí atá déanta aige tá comhshaothair le Sean Keane, Nathan Carter, agus Derek Ryan, rud a léiríonn a ilghnéitheacht agus an méid a chuireann sé le saol an cheoil thraidisiúnta.