Richie Delahunty
Guitar / Giotár
Based in Cahir, Tipperary, Richie Delahunty is a versatile multi-instrumentalist specialising in banjo, mandolin, acoustic and electric guitars, and slide guitar. With accolades including All-Ireland Fleadh Cheoil titles in mandolin and tenor guitar Richie is deeply committed to music performance, teaching, and recording/session work. Since 2013 he has been a dedicated music teacher for Comhaltas Ceoltóirí Éireann, UCC workshops, Music Generation Cork, Ballyneety Music School, and Club Cheoil Ballyphehane.
Notably, mentoring the Siansa Gael Linn group ‘Lasrach’ led to an All-Ireland victory. As a full-time musician since 2014, Richie has performed extensively including representing Ireland as a musical ambassador at Expo 2020 Dubai, performing with ‘Moxie’ under the auspices of the Department of Foreign Affairs and the National Concert Hall Dublin.
Lonnaithe sa Chathair, Tiobraid Árann, is ceoltóir ildánach é Richie Delahunty a bhfuil saineolas aige ar an mbainseó, mandolin, giotáir acústacha agus leictreacha, agus giotár sleamhnáin. Agus gradaim ar nós craobh na hÉireann sa bhFleadh Cheoil ar an mandolin agus ar an ngiotár teanóir bainte amach aige, tá Richie an-tiomanta d’obair an cheoil, idir é chur i láthair, é a theagasc, é a thaifeadadh agus é a sheinm i seisiúin.
Ó 2013 i leith tá sé ina mhúinteoir ceoil do Chomhaltas Ceoltóirí Éireann, ceardlanna de chuid COC, Music Generation Chorcaí, Scoil Cheoil Bhaile an Fhaoitigh, agus Club Cheoil Bhaile Uí Fhiacháin. Bhí bua craobh na hÉireann mar thoradh ar a mheantóireacht ar an ngrúpa Siansa Gael Linn ‘Lasrach’. Tá go leor ceoil seinnte ag Richie mar cheoltóir lánaimseartha ó 2014 i leith, lena n-áirítear ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn mar ambasadóir ceoil ag Expo 2020 Dubai, ag oibriú le ‘Moxie’ faoi choimirce Roinn na nGnóthaí Eachtracha agus an Cheolárais Náisiúnta i mBaile Átha Cliath.
Related Posts
Bláth na hÓige
Is comharghrúpa nua ceannródaíoch amhránaíochta é Bláth na hÓige a tháinig le chéile mar chuid de shraith teilifíse a…
LiveFeed
Join us for LiveFeed/Oscailte, featuring young bands, soloists, and an open mic for emerging talent.
Tola Custy and Laoise Kelly
Tola Custy & Laoise Kelly first performed together at the ‘Celticimes’ music festival in France in 2013 although they…