The inaugural Galway TradFest, a new initiative by Music Generation Galway County, will take place across Galway from Monday 11th – Sunday 17th, November 2024.
The inaugural event will feature concerts, masterclasses in music, song and dance, a festival session trail, instrument taster sessions, theatre, showcase opportunities and a range of Irish traditional music activities which will give Galway’s children and young people unparalleled access to high-level Irish traditional music opportunities at home in Galway.
While Galway is known the world over for its creative community and its noted exponents of Irish traditional music, song and dance, unlike many other counties it doesn’t host an internationally recognised annual traditional music festival that embraces the County nor an extensive traditional music masterclass series in the manner that is now planned with Galway TradFest 2024. It is hoped that Galway TradFest and its educational programme (GEATA) will become an annual event which will be celebrated county-wide, and overtime attract visitors from across Ireland and the world.
The name ‘geata'(gate/gateway) symbolises that what is planned, through high-level masterclasses, mentoring, instrument taster sessions, performances, theatre and other programme activities, will represent a gateway to access and opportunity for children and young people from Galway and also those visiting the area for the event.
Galway TradFest will comprise an eclectic concert programme featuring some of Ireland’s leading exponents of traditional music, song and dance. Sharon Shannon, Beoga, Pauline Scanlon & Niall McCabe (amongst others) will all perform as part of ‘Le Chéile’ (Together) a ‘We are Music Generation Youth Orchestra Concert’ which will take place at University of Galway on November 16th. Concerts at a variety of other venues will include performances from Iarla Ó Lionáird & Tim Edey, Máirtín O’ Connor, Cathal Hayden & Seamie O Dowd, The Kane Sisters & John Blake, The Breath, Furry Village, The Half Room, Blath na hÓige, Tola Custy & Laoise Kelly, Niamh Ní Charra & Kevin Corbett, Ruth Smith & Fergal Scahill & guests, and a ‘Livefeed’ showcase concert which provides an opportunity for young bands & soloists to perform.
On the morning of November 17th more than 15 of Ireland’s best known Irish traditional performers and tutors will deliver masterclasses to children and young people at Coláiste Bhaile Chláir in Galway’s Gaeltacht region. This comprehensive range of masterclasses includes tutors such as ALDOC’s Alan Doherty (Flute), a sean nós singing workshop with Bláth na hÓige, Galway’s Fergal Scahill mentoring on fiddle, alongside TG4 Gradam Ceoil Winners Ryan Molloy (accompaniment), Conor Connolly (accordion) & Sharon Howley (cello). Founder of trad supergroup Lúnasa, Trevor Hutchinson will provide a masterclass on accompanying trad music on double bass, while multi-instrumentalist Stephen Doherty from Foxford, Co Mayo will give a masterclass on how to record traditional Irish music. Other tutors include Brendan Loughran & Edel Fox (concertina), Aisling Lyons (harp), Theresa O’Grady (Banjo), Tara Howley (uilleann pipes), Sinéad Mc Kenna (fiddle), Jos Kelly (accordion), Colm Phelan (bodhrán) and Richie Delahunty (guitar) . Workshops on Dance will be delivered by the renowned sean nós dancers The Devane Brothers & Emma O’ Sullivan. Full details of these masterclasses are available at www.galwaytradfest.ie.
All of the above will operate in parallel with the Galway TradFest Session Trail across Galway City and in selected venues in County Galway.
Events as part of Galway TradFest and its educational programme (GEATA) will be produced with support from a variety of Music Generation Galway County’s funding partners including Galway and Roscommon Education and Training Board (GRETB, lead partner), Galway County Council, the Department of Education, the Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media, U2, The Ireland Funds, the Arts Council/An Comhairle Ealaíon, Ealaín na Gaeltachta’s Cuisle programme, Creative Ireland’s Local Creative Youth Partnership, Galway Culture Company, University of Galway, Galway Rural Development, Foróige, Tusla/CYPSC, Involve, Youth Work Ireland (Galway), Forum Connemara CLG and TG4 amongst others.
“As part of our strategic plans to ensure the best outcomes for Galway’s children and young people where performance music education is concerned, we need to address the fact that when it comes to our Irish traditional arts, all too often too many of Galway’s young performers must travel outside the County to access high-level tuition. With the advent of Galway TradFest and GEATA I envisage that this will change. We are looking forward to hosting a local annual event where Galway’s young people will get to learn from visiting tutors and practitioners and indeed engage at home in Galway with young visiting performers with shared interests. Without the invaluable support of multiple partners and Project Manager Eamon Murray, these new initiatives simply wouldn’t be possible.”
– Artistic Director of Galway TradFest is Music Generation Galway County’s Music Development officer, Eric Cunningham.
Music Generation is a national partnership programme whose mission is to create inspiring experiences for children and young people through music. Music Generation Galway County delivers programmes to more than 4,000 students across Galway County on a continuing basis.
Galway Tradfest will take place at multiple locations across Galway from November 11th to November 17th, 2024.
Full details for all of the above to include, venues, ticket bookings, dates and times are available on this website. Follow @galwaytradfest on social media channels, Facebook, X, Instagram and Youtube for updates and festival content.
Reáchtálfar an chéad eagrán d’Fhéile Cheoil Thraidisiúnta na Gaillimhe (Galway TradFest) − tionscnamh nua le Music Generation Chontae na Gaillimhe – idir an 11 agus 17 Samhain 2024.
Mar chuid den chéad imeacht seo dá shamhail, beidh ceolchoirmeacha, máistir-ranganna sa cheol, san amhránaíocht agus sa damhsa ar an sean-nós, cosán seisiún na féile, seisiúin do thosaitheoirí le triail a bhaint as uirlisí, amharclannaíocht, deiseanna sárthaispeántais agus neart imeachtaí eile. Cuirfidh an fhéile seo deiseanna ardleibhéil ceoil thraidisiúnta na hÉireann ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga na Gaillimhe, deiseanna nach raibh ar fáil dóibh roimhe seo anseo i nGaillimh.
Cé go bhfuil cáil ar fud na cruinne ar Ghaillimh i ngeall ar a pobal cruthaitheach agus ar a máistrí móra ceoil, amhránaíochta agus damhsa thraidisiúnta, murab ionann agus contaetha eile, ní chuirtear féile cheoil thraidisiúnta bhliantúil ar siúl inti. Níl aon fhéile ar bun a dhéanann ceiliúradh ar an gcontae ina iomláine agus a leagann amach sraith fhairsing de mháistir-ranganna ceoil ar an mbealach atá beartaithe anois le Féile Cheoil Thraidisiúnta na Gaillimhe 2024. Tá súil leis go ndéanfar imeacht bliantúil d’Fhéile Cheoil Thraidisiúnta na Gaillimhe agus den chlár oideachais (GEATA), a ndéanfar a cheiliúradh ar fud an chontae, agus a mheallfaidh cuairteoirí ó áiteanna ar fud na hÉireann agus an domhain le himeacht ama.
Tugann an t-ainm ‘geata’ an méid atá ar na bacáin le fios – idir máistir-ranganna ardleibhéil, meantóireacht, seisiúin cheoil do thosaitheoirí, léirithe, amharclannaíocht agus gníomhaíochtaí eile, agus feidhmeoidh siad mar gheata, nó bealach isteach chuig na gníomhaíochtaí, agus cuirfidh siad deis ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga as Gaillimh agus dóibh siúd a bheidh ar cuairt sa cheantar freastal orthu.
Beidh clár ceolchoirmeacha ilghnéitheach ar siúl i rith Fhéile Cheoil Thraidisiúnta na Gaillimhe ina mbeidh roinnt de phríomh-mháistrí ceoil, amhránaíochta agus damhsa thraidisiúnta na hÉireann páirteach. Beidh Sharon Shannon, Beoga, Pauline Scanlon agus Niall McCabe (i measc daoine eile) ag seinm mar chuid de ‘Le Chéile’ – Ceolchoirm Cheolfhoireann Óige ‘Is Muide Music Generation’ a bheidh ar siúl in Ollscoil na Gaillimhe ar an 16 Samhain. I measc na gceolchoirmeacha a bheidh ar siúl in ionaid eile, beidh Iarla Ó Lionáird agus Tim Edey, Máirtín O’Connor, Cathal Hayden agus Seamie O’Dowd, The Kane Sisters agus John Blake, The Breath, Furry Village, The Half Room, Bláth na hÓige, Tola Custy agus Laoise Kelly, Niamh Ní Charra agus Kevin Corbett, Ruth Smith agus Fergal Scahill agus aíonna ag seinm, agus cuirfear ceolchoirm sárthaispeántais ‘Livefeed’ ar siúl – tionscnamh is ea Livefeed a thugann deis do cheoltóirí óga seinm ina n-aonair nó mar chuid de bhanna ceoil.
Cuirfidh breis agus 15 de na ceoltóirí agus de theagascóirí ceoil thraidisiúnta na hÉireann is fearr aithne sa tír máistir-ranganna ar siúl ar maidin an 17 Samhain do leanaí agus daoine óga ag Coláiste Bhaile Chláir i réigiún Gaeltachta na Gaillimhe. I measc na dteagascóirí a sholáthróidh an réimse cuimsitheach seo de mháistir-ranganna, beidh Alan Doherty (an Fheadóg Mhór) le ALDOC, ceardlann amhránaíochta ar an sean-nós le Bláth na hÓige, Fergal Scahill de bhunadh na Gaillimhe, a dhéanfaidh meantóireacht ar an bhfidil, chomh maith le Buaiteoirí Ghradam Ceoil TG4, Ryan Molloy (tionlacan), Conor Connolly (an bosca ceoil) agus Sharon Howley (an dordveidhil). Cuirfidh bunaitheoir an tsárbhanna ceoil thraidisiúnta, Lúnasa, Trevor Hutchinson máistir-rang ar siúl maidir le ceol traidisiúnta a thionlacan leis an olldord, agus cuirfidh an ceoltóir ildánach Stephen Doherty ó Bhéal Easa, Contae Mhaigh Eo máistir-rang ar siúl maidir le conas ceol traidisiúnta na hÉireann a thaifeadadh. I measc na dteagascóirí eile, beidh Brendan Loughran agus Edel Fox (an consairtín), Aisling Lyons (an chláirseach), Theresa O’Grady (an bainseó), Tara Howley (an phíb uilleann), Sinéad McKenna (an fhidil), Jos Kelly (an bosca ceoil), Colm Phelan (an bodhrán) agus Richie Delahunty (an giotár). Cuirfidh na rinceoirí cáiliúla ar an sean-nós, Gearóid agus Pádraig Ó Dubháin agus Emma O’Sullivan, ceardlanna damhsa ar siúl. Tá sonraí iomlána ar fáil ar na máistir-ranganna ag www.galwaytradfest.ie.
Beidh na himeachtaí uile thuas ar siúl ag an am céanna le Cosán Seisiún Fhéile Cheoil Thraidisiúnta na Gaillimhe ar fud Chathair na Gaillimhe agus in ionaid áirithe i gContae na Gaillimhe.
Cuirfear imeachtaí mar chuid d’Fhéile Cheoil Thraidisiúnta na Gaillimhe agus den chlár oideachais (GEATA) ar siúl le tacaíocht ó chomhpháirtithe cistithe éagsúla Music Generation Chontae na Gaillimhe: Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin (GRETB, an príomh-chomhpháirtí), Comhairle Chontae na Gaillimhe, an Roinn Oideachais, an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, U2, The Ireland Funds, an Chomhairle Ealaíon, Clár CUISLE Ealaín na Gaeltachta, Comhpháirtíocht Áitiúil Óige Chruthaitheach Éire Ildánach, Comhlacht Cultúir na Gaillimhe, Ollscoil na Gaillimhe, Forbairt Tuaithe na Gaillimhe, Foróige, Tusla/CYPSC, Involve, Obair d’Ógra Éireann (Gaillimh), Fóram Chonamara CLG agus TG4, i measc eagraíochtaí eile.
“Mar chuid dár bpleananna straitéiseacha leis na torthaí is fearr a chinntiú do leanaí agus do dhaoine óga na Gaillimhe i dtaobh oideachas ceoil, is gá dúinn dul i ngleic leis an gcaoi, maidir lenár n-ealaíona traidisiúnta Gaelacha, gur gá níos minice ná a mhalairt do go leor de sheinnteoirí óga na Gaillimhe taisteal lasmuigh den chontae chun teacht ar theagasc ardleibhéil. Samhlaím go dtiocfaidh athrú air seo agus Féile Cheoil Thraidisiúnta na Gaillimhe agus GEATA curtha ar bun. Táimid ag tnúth le himeacht bliantúil áitiúil a chur ar siúl ina mbeidh deis ag daoine óga na Gaillimhe foghlaim ó theagascóirí agus ó chleachtóirí den scoth agus, go deimhin, páirt a ghlacadh anseo i nGaillimh in imeachtaí ceoil le seinnteoirí óga eile a bhfuil na hábhair chéanna spéise acu. Is í fírinne an scéil ná nach bhféadfaí tabhairt faoi na tionscnaimh nua seo murach an tacaíocht shárluachmhar a thugann go leor comhpháirtithe agus an Bainisteoir Tionscadail, Eamon Murray.”
– Is é Oifigeach Forbartha Ceoil Music Generation Chontae na Gaillimhe, Eric Cunningham, Stiúrthóir Ealaíne Fhéile Cheoil Thraidisiúnta na Gaillimhe.
Clár comhpháirtíochta náisiúnta é Music Generation arb é an misean atá aige ná eispéiris spreagúla a chruthú do leanaí agus do dhaoine óga tríd an gceol. Soláthraítear in Music Generation Chontae na Gaillimhe clár do bhreis agus 4,000 scoláire ar fud Chontae na Gaillimhe ar bhonn leanúnach.
Reáchtálfar Féile Cheoil Thraidisiúnta na Gaillimhe in ionaid éagsúla ar fud na Gaillimhe ón 11 go dtí an 17 Samhain 2024.
Tá sonraí iomlána don mhéid thuas go léir, ionaid, áirithintí ticéad, dátaí agus amanna ina measc, ar fáil ag www.galwaytradfest.ie agus lean @galwaytradfest ar na meáin shóisialta, Facebook, X, Instagram agus YouTube.